Amhrán an Lae – Dhá Ghabhairín Buí

Seo é an tríu amhrán i gcóir Seachtain na Gaeilge. Is é “Tá dhá ghabhairín buí agam” an t-ainm atá ar an amhrán seo agus tá sé á chanadh ag Nell Ní Chróinín ó Cúil Aodha in iarrthar Chorcaí.

Seo é amhrán simplí do pháistí mar gheall ar cailín le dhá ghabhairín. Tá sí ag iarraidh iad a chrú ach níl aon buicéad aici chun an bainne a bhailiú. Mar sin téann an bainne go léir síos trína hata ar fuaid an bhaile!

Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as.